Tá POF Ghrúpa Aerfort na Sionainne dearfach faoin todhchaí toisc gur léirigh torthaí 2024 fás 7%

Tá POF Ghrúpa Aerfort na Sionainne dearfach faoin todhchaí toisc gur léirigh torthaí 2024 fás 7%
  • Is é Aerfort na Sionainne an tAerfort is mó fás ó 2022
  • Tá clár infheistíochta de bhreis agus €30 ar siúl ar fud an Ghrúpa
  • Tá cliant mór SA nua deimhnithe do Pháirc Ghnó Aerfort na Sionainn

 

Dé Céadaoin an 30 Aibreán 2025: Tar éis bliain inar sháraigh Aerfort na Sionainne a sprioc fáis paisinéirí chun 2.1 milliún paisinéir a bhaint amach, léirigh Mary Considine, POF Ghrúpa Aerfort na Sionainne, go raibh sí an-dearfach faoi thodhchaí an Ghrúpa agus dheimhnigh sí go bhfuil clár infheistíochta uaillmhianaigh de bhreis agus €30 milliún ar siúl ar fud Ghrúpa Aerfort na Sionainne.

Sprioc Fáis Paisinéirí a Shárú

“Sháraíomar ár sprioc fáis paisinéirí don bhliain 2024 ag Aerfort na Sionainne, chuireamar fáilte roimh os cionn 2.1 milliún paisinéir, an líon b’airde paisinéirí le cúig bliana déag agus is méadú 7% é seo ó 2023.  Léiríonn an garsprioc láidir fáis seo ról lárnach an aerfoirt in earnáil eitlíochta na hÉireann, agus is í an fheidhmíocht láidir ar fud ár 33 bealach go 11 tír, chomh maith le bealaigh nua a fhorbairt agus acmhainn a mhéadú, a spreag a rath le linn 2024,” a dúirt Ms Considine, a bhí ag iarraidh barúil a thabhairt tar éis fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil Ghrúpa Aerfort na Sionainne 2024 inniu.

Dúirt Ms Considine: “Le breis agus 200,000 suíochán breise ar chinn scríbe Eorpacha, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe in 2024, treisíodh nascacht, turasóireacht agus taisteal gnó. Chonacthas méaduithe ar thrácht paisinéirí sna príomh-mhargaí go léir in Aerfort na Sionainne. Tháinig méadú 16% ar thrácht Mhór-roinn na hEorpa go 870,000; tháinig méadú 12% ar líon na bpaisinéirí trasatlantacha go 332,000 agus tháinig méadú an-bheag ar thrácht na Ríochta Aontaithe go 839,000.

“Tháinig méadú suntasach 44% ar fhás paisinéirí Aerfort na Sionainne ó 2022 go 2024, rud a fhágann gurb é an t-aerfort is mó fás in Éirinn.  Leanfaimid ar aghaidh nascacht straitéiseach na hÉireann a fhorbairt.”

Bhí feidhmíocht láidir trasatlantaí ag Aerfort na Sionainne in 2024. Tá cúig bhealach thrasatlantacha ag an aerfort le Air Lingus, Delta, agus United anois, rud a dhaingníonn an seasamh atá aige mar phointe rochtana trasatlantaigh eile.

Leathnaigh Ryanair a acmhainn ag Aerfort na Sionainne in 2024, agus rinneadh ceiliúradh ar an bhfíric gur tháinig 20 milliún paisinéir tríd an aerfort ó 1987, agus fógraíodh go mbeidh seirbhís nua go Maidéara ann agus go mbeidh minicíocht mhéadaithe ar ocht mbealach, rud a mhéadóidh acmhainn faoi 17% do shamhradh 2025.

In 2024, choinnigh Aerfort na Sionainne a sheasamh mar an t-aerfort is fearr le muintir na hÉireann, mar bhí sé sa chéad áit sa chatagóir taistil maidir le heispéireas custaiméirí sa Tuarascáil ar Léargais um Eispéireas an Chustaiméara in Éirinn. Bhuaigh sé an gradam freisin don Fhoireann CX is Fearr sa chatagóir iompair ag na Gradaim náisiúnta um Eispéireas an Chustaiméara don dara bliain as a chéile. Fuair an t-aerfort gradaim freisin lena n-áirítear Innéacs Freagartha Branda Éireann 2024 (BRII) de chuid RED C, an Ghnóthachtáil um Fhócas ar Chustaiméirí Eitlíochta, agus Tionscnamh Comhfhorbartha Áite na Bliana as a thionscnaimh ar fud Pháirc Ghnó Aerfort na Sionainne.

Feidhmíocht Airgeadais Láidir

Bhí feidhmíocht airgeadais láidir ag an nGrúpa in 2024, tháinig méadú 7.6% ar láimhdeachas an Ghrúpa ó oibríochtaí leanúnacha i gcomparáid le figiúr 2023 go €73.1 milliún, agus thuairiscigh an Grúpa TRÚCDA de €18.3 milliún. Léirítear an fheidhmíocht láidir bhliantúil seo i mbrabús bliantúil an Ghrúpa ó oibríochtaí leanúnacha de €25.7 milliún, roimh cháin agus míreanna eisceachtúla.

Maidir leis seo, dúirt Ms Considine: “Tá an leibhéal brabúsachta sin ina ábhar misnigh, i gcomhar le clár comhardaithe atá ag méadú de €309 milliún ag deireadh 2024, agus cruthaítear leis bonn láidir dár bpleananna amach anseo. Leis an bhfeidhmíocht sin, tá bonn láidir airgeadais againn chun tabhairt faoin gcéad chéim eile dár straitéis forbartha.”

Straitéis Láidir Infheistíochta

D’fheistigh an Grúpa breis agus €8 milliún in 2024, agus tá infheistíocht eile de bhreis agus €30 milliún i mbonneagar beartaithe chun tacú lena spriocanna uaillmhianacha inbhuanaitheachta a bhaint amach, eispéireas an chustaiméara a fheabhsú agus fás eacnamaíoch réigiúnach a spreagadh.

Áirítear ar na príomhthionscadail feirm fótavoltachais gréine 1.2 meigeavata de €3 milliún, an chéad dá leithéid ar aerpháirc in Éirinn, a sholáthróidh suas go 20% de riachtanais fuinnimh an aerfoirt a luaithe a chuirfear é seo i gcrích i mbliana. Tá athnuachan clúdaigh theirmigh de €2.5 milliún ar an gcríochfort beartaithe freisin, a chabhróidh an Grúpa, chomh maith le príomhthionscadail eile, an sprioc atá aige maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 51% faoi 2030 agus glanastaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050.

Beidh infheistíocht shuntasach ríthábhachtach i mbonneagar a bhaineann le déileáil le custaiméirí lena n-áirítear na limistéir imirce agus halla an bhagáiste a fheabhsú; Geataí Bordála 1-5 a leathnú, limistéir do phaisinéirí a bharrfheabhsú; agus 1,000 spás páirceála nua a chruthú.

Tá infheistíochtaí eile beartaithe do Pháirc Ghnó Aerfort na Sionainne, ina bhfuil breis agus 300 cuideachta a fhostaíonn níos mó ná 10,000 duine, atá ag déanamh go maith mar mhol d’Infheistíocht Dhíreach Choigríche agus do ghnólachtaí dúchasacha in 2024. Cuirfear tús le hoibreacha ar dhá aonad monaraíochta ilfheidhme nua atá 103,000 troigh chearnach agus ina theannta sin, saoráid taighde agus forbartha nua atá 40,000 troigh chearnach, agus beidh an dá acu ar fáil ar léas in 2026.

“Bhí ríméad orainn fáilte a chur roimh chliant nua chuig Páirc Ghnó Aerfort na Sionainne. Tá Frontier Scientific Solutions, mórchuideachta lóistíochta atá bunaithe sna Stáit Aontaithe, lonnaithe i mBloc S, ár saoráid ilfheidhmeach nuathógtha. Téann an chuideachta stórála rialaithe teochta agus dáilte cógaisíochta sin ó North Carolina i bpáirt lenár dteaghlach cuideachtaí atá ag fás sa Pháirc Ghnó,” a dúirt Ms Considine. 

Deich mBliana ag Cruthú Tionchar Eacnamaíoch Dearfach

“Le linn 2024 rinneamar ar ár gcomóradh deich mbliana a cheiliúradh ó bhunú an Ghrúpa agus rinneamar machnamh ar dheich mbliana de ranníocaíochtaí suntasacha eacnamaíocha. Ina measc sin tá infheistíocht de €180 milliún ar fud an aerfoirt agus an ghnó maoine tráchtála mar chuid de straitéis forbartha an Ghrúpa. Gineann Grúpa Aerfort na Sionainne beagnach €4 billiún in aghaidh na bliana don gheilleagar náisiúnta agus tacaíonn sé le breis agus 20,000 post. Téann ár dtionchar níos faide ná an eitlíocht, agus spreagann sé turasóireacht, trádáil agus fás eacnamaíoch ar fud an réigiúin. Athdhearbhaíonn na torthaí seo ár dtiomantas do bheith inar gcatalaíoch d’athrú agus d’fhorbairt dhearfach,” a dúirt Ms Considine.

 Ag Ullmhú d’Fhás Amach Anseo

“Cé go bhfuil luaineacht agus éiginnteacht shuntasach dhomhanda ann le linn 2025 agus go mbeidh ina dhiaidh sin, táimid tiomanta do nuálaíocht agus d’athléimneacht a chur chun cinn chun déileáil leis na dúshláin sin le chéile.

“Mar Ghrúpa táimid sásta leis an méid atá bainte amach againn in 2024, ach leis na beartais agus an tacaíocht cheart creidimid gur féidir linn i bhfad níos mó a bhaint amach. Is e sin an fáth a bhfuil áthas orainn go bhfuil tiomantas d’athbhreithniú a dhéanamh ar an mBeartas Náisiúnta Eitlíochta i gClár Náisiúnta an Rialtais chun an úsáid as aerfoirt réigiúnacha a uasmhéadú.

“Iarraimid ar an Rialtas tacú linn leanúint ar aghaidh ag fás tríd an scóip do Chlár Aerfoirt Réigiúnacha 2026-2030 a leathnú. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí gréasán aerfoirt an Stáit a bharrfheabhsú chun an fhís agus na huaillmhianta atá i dTionscadal Éire 2040 agus sa Chreat Náisiúnta Pleanála a bhaint amach, rud a chinnteoidh dáileadh cothrom fáis eacnamaíoch in Éirinn,” a dúirt Ms Considine.

“Tá sé geallta go mbeidh an bhliain atá romhainn dearfach agus lán le deiseanna agus muid tiomanta i gcónaí d’eispéireas na bpaisinéirí a fheabhsú, ár ngréasán bealaí a leathnú, agus leanúint lenár n-infheistíochtaí i dtionscnaimh bhunathraithe agus inbhuanaitheachta an aerfoirt. Beidh cúram custaiméirí fós i gcroílár gach a ndéanaimid ar fud an Ghrúpa in 2025. Ár bhfás láidir is cúis le hobair chrua ár bhfoirne tiomanta, tacaíocht ár gcustaiméirí agus ár bpáirtithe leasmhara, ár gcomhpháirtíochtaí straitéiseacha agus tacaíocht an rialtais agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil lenár bpaisinéirí, lenár bpáirtithe, agus lenár bhfoireann as a dtacaíocht agus a dtiomantas leanúnach,” a dúirt Ms Considine mar fhocal scoir.

Chun breathnú ar thuarascáil bhliantúil an Ghrúpa do 2024, cliceáil anseo le do thoil