11/05/2022 Samhradh gnóthach agus 26 seirbhís aeir le tosú in Aerfort na Sionainne in 2022 Infheistíocht €30m beartaithe do Champas na Sionainne Dé Céadaoin, 11 Bealtaine, 2022: Tá sé deimhnithe ag Príomhfheidhmeannach Ghrúpa na Sionainne, Mary Considine, go bhfuil comharthaí den téarnamh le feiceáil i nGrúpa na Sionainne agus an t-aerfort ag ullmhú le samhradh gnóthach. Tá na céimeanna riachtanacha á gcur i bhfeidhm ag an nGrúpa freisin chun dlús a chur leis an gcéad chéim eile dá infheistíocht i gCampas na Sionainne agus tá €30 milliún beartaithe cheana féin do thionscadail a bhfuiltear chun tús a chur leo in 2022. Tagann tuairimí bhean Considine sna sála ar fhoilsiú thuarascáil bhliantúil 2021 Ghrúpa na Sionainne inniu. Meon Dearfach san Aerfort de réir mar a Thagann Príomhsheirbhísí Aeir Ar Ais “Tar éis dhá bhliain chrua, táimid in ann na néalta a fheiceáil agus iad ag ghlanadh sa spéir, faoi dheireadh na dála, agus muid ag déanamh ár mbealach slán as an tréimhse iar-phaindéime. Tá tabhairt ar ais an tseirbhís againn go Heathrow, Londain, atá ar fáil ó cheann ceann na bliana, i gcroílár an iarrachta seo, agus 20 eitilt in aghaidh na seachtaine tugtha ar ais leis, chomh maith le haersheirbhísí Eorpacha, agus eitiltí laethúla chuig na Stáit Aontaithe. I mí an Mhárta, chuireamar fáilte roimh thabhairt ar ais na seirbhísí laethúla Aer Lingus atá curtha ar fáil againn ó thús deiridh na bliana go Nua-Eabhrac (JFK) agus go Boston, chomh maith le seirbhís séasúrach laethúil le United Airlines go Newark. Tháinig méadú 8% ar líon na bpaisinéirí ag Aerfort na Sionainne in 2021, agus beagnach 380,000 paisinéir ag baint úsáide as an aerfort anuraidh, i gcomparáid le díreach os cionn 352,000 in 2020. Mar sin féin, tá sé seo fós síos 78% ar an líon paisinéirí a bhí ann 2019. “Cé gur fada an ród atá fós amach romhainn, agus cé go bhfuiltear fós fada go leor ón téarnamh iomlán, tá ár straitéis ghnó a bhí dírithe amháin ar theacht slán as an ngátar ar dtús, go huile is go hiomlán sa chéim théarnaimh agus atógála anois,” a deir Mary Considine. Feidhmíocht Airgeadais Feabhsaithe Bhain Grúpa na Sionainne feidhmíocht airgeadais fheabhsaithe amach don bhliain 2021, le méadú 18% ar an láimhdeachas, suas go dtí €40.5 milliún, i gcomparáid le €34.3 milliún in 2020, agus tháinig méadú ar EBITDA roimh mhíreanna eisceachtúla, suas go dtí €8.6 milliún i gcomparáid le €1.2 milliún in 2020. “Táimid buíoch as na tacaíochtaí Rialtais a fuaireamar le linn 2021, lena n-áirítear an Scéim Fostaíochta um Fhóirdheontas Pá, an tarscaoileadh rátaí tráchtála agus an maoiniú a fuarthas faoin gClár Aerfoirt Stáit Réigiúnacha um COVID-19 a bhí an-tábhachtach chun tacú lenár ngnó chun teacht slán as na hiarmhairtí is measa a bhí ag an bpaindéim.” a luaigh Mary Considine. Ag Infheistiú sa Todhchaí ar Champas na Sionainne Ón tráth ar bunaíodh Grúpa na Sionainne in 2014 i leith, tá beagnach €146 milliún infheistithe i bhfeabhsú áiseanna Aerfort na Sionainne agus i soláthar réitigh réadmhaoine ar fud Ghrúpa na Sionainne, agus láithreacha tarraingteacha don FDI agus do chuideachtaí dúchasacha araon curtha ar fáil dá bharr. Tharla breis agus €60 milliún den infheistíocht seo idir 2019 agus 2021, agus d’fhan gníomhaíocht agus feidhmíocht forbartha réadmhaoine láidir in 2021. Ag labhairt faoin infheistíocht seo, dúirt Mary Considine: “Le linn thréimhse na srianta taistil troma ar an eitlíocht, thapaíomar an deis leanúint le bhur straitéis infheistíochta réadmhaoine ar fud ár gCampas sa tSionainn, agus fuarthas maoiniú ríthábhachtach ón Rialtas freisin chun tabhairt faoi chlár caipitil uaillmhianach ag an aerfort. Áiríodh leis seo go bhféachtar chuige go ‘seasfaidh’ príomhghnéithe de bhonneagar an aerfoirt ‘an aimsir’, lena n-áirítear saoráid nua agus feabhsaithe go suntasach don saoráid Scagtha Bagáiste Boilg. Tá céimeanna breise glactha ag an aerfort chun eispéireas na bpaisinéirí a fheabhsú le linn an ama seo. “Le suiteáil an chórais slándála nua den scoth, éascaíodh Sionainn le bheith ar an gcéad aerfort Stáit chun fáil réidh leis an srian 100ml ar choimeádáin leachtacha i mbagáiste láimhe. Agus an teicneolaíocht nua seo tugtha isteach, táthar tar éis an t-am scagthástála slándála do phaisinéirí a laghdú faoi leath. Chuir na hinfheistíochtaí seo agus infheistíochtaí eile le turas paisinéirí níos míne agus níos taitneamhaí tríd an aerfort.” Ag déanamh tagairt di ar an straitéis infheistíochta is déanaí atá ag an nGrúpa, dúirt sí; Táimid ag cur na céimeanna riachtanacha i bhfeidhm chun an chéad chéim eile de bhur gclár infheistíochta. Leis sin, déanfar infheistíocht de thart ar €30 milliún i dtionscadail uasghrádaithe foirgneamh nua agus aerfoirt ar fud Champas na Sionainne, ag tosú in 2022. I measc na n-infheistíochtaí atá beartaithe, tá uasghrádú agus athchóiriú ar choimpléasc Bhá 135/137 i Limistéar Neamhchustaim na Sionainne, tógáil trádstórála ilaonad nua 60,000 tr cr, agus tógáil aon ard-bhá taighde agus forbartha 40,000 tr cr, agus iad siúd go léir suite i gCampas na Sionainne. I measc na dtionscadal bonneagair aerfoirt don bhliain 2022, tá infheistíocht leanúnach in athshlánú aerpháirc agus i ndroichid aeir nua do phaisinéirí. Anuas air sin, leanfar ar aghaidh le gníomhaíocht a thacaíonn le cruthú sraith tionscadal nua do na blianta atá le teacht mar phríomhchuid de phleananna forbartha straitéiseacha Ghrúpa na Sionainne,” a dúirt Mary Considine. An Nuálaíocht a Chothú “Táimid tiomanta, i nGrúpa na Sionainne, do chultúr nuálaíochta a chothú ar fud Champas na Sionainne. Sin é an fáth a bhfuilimid ar cheann de na comhpháirtithe a thacaíonn le hobair spreagúil Campas Soghluaisteachta Éireann sa Todhchaí (FMCI) chun suíomh fíordhomhanda uathúil a sholáthar i gCampas na Sionainne don taighde a bhaineann leis an gcéad ghlúin eile den teicneolaíocht uathghluaisneach. Le linn 2021, leathnaigh FMCI a oibríocht talamh-bhunaithe chun taighde ar shoghluaisteacht aeir amach anseo a chuimsiú, agus d’oibrigh cuibhreannas lena n-áirítear Grúpa na Sionainne ar phleananna nuálacha chun an chéad mhol taighde um shoghluaisteacht aeir in Éirinn a bhunú,” a dúirt Mary Considine. Dul Chun Cinn le hAistriú Láithreáin Oidhreacht na Sionainne Rinneadh dul chun cinn suntasach i rith na bliana chun láithreáin oidhreachta an Ghrúpa a aistriú chuig na húdaráis áitiúla ábhartha. Agus na gníomhaíochtaí seo aistrithe, cabhróidh sé le Grúpa na Sionainne díriú ar athshlánú an aerfoirt, ar an líon paisinéirí idirnáisiúnta a thabhairt ar ais, agus leanúint ar aghaidh ag forbairt a bhraisle eitlíochta agus gníomhaíochtaí maoine gaolmhara. Tá Caisleán an Rí i Luimneach aistrithe anois go Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh, agus tá dul chun cinn déanta maidir le haistriú na nithe is díol spéise ó thaobh Oidhreachta na Sionainne i gCo. an Chláir go Comhairle Contae an Chláir. Muiníneach faoin Todhchaí “Cé go mbeidh 2022 fós dúshlánach mar bhliain, agus cé go bhfuil ród fada go leor amach romhainn go deo, fós féin táimid tiomanta do gach deis a uasmhéadú teacht ar ais níos láidre ná mar a bhí riamh,” a dúirt Mary Considine mar fhocal scoir.