Tá Aerfort na Sionainne ar tí an sprioc de 2 mhilliún paisinéir a bhaint amach faoi dheireadh 2024

An tAerfort ullamh leis an leibhéal is airde tráchta ó 2009
Dé Céadaoin an 25ú Aibreán 2024: Mar thoradh ar bhliain d’fhás láidir, tá Aerfort na Sionainne ag réiteach leis an sprioc de 2 mhilliún paisinéir a bhaint amach faoi dheireadh 2024, don chéad uair ó 2009. De réir Mary Considine, POF Ghrúpa Aerfort na Sionainne, bhí an fás ar fud na bpríomh-aersheirbhísí uile in 2023 níos fearr ná mar a bhíothas ag súil. Bhí an tUasal Considine ag labhairt tar éis fhoilsiú thuarascáil bhliantúil 2023 Ghrúpa Aerfort na Sionainne inniu.
Fás Láidir Paisinéirí
“Le linn 2023, chuireamar fáilte roimh 1.959 milliún paisinéir, méadú 29 faoin gcéad ar an mbliain roimhe sin, agus an leibhéal tráchta is airde ó 2009. Léiríodh ár dtiomantas don nascacht a fheabhsú trí mhéaduithe suntasacha i dtrácht paisinéirí ar fud na bpríomh-mhargaí. Méadaíodh trácht ó Mhór-roinn na hEorpa faoi 41 faoin gcéad go 748,000; méadaíodh trácht RA faoi 31 faoin gcéad go 838,000, agus méadaíodh líonta na bpaisinéirí trasatlantacha faoi 24 faoin gcéad go 296,000,” arsa an tUasal Considine.
Cuireadh borradh mór faoin tairiscint seirbhíse ó Aerfort na Sionainne in 2023 mar gheall ar sheirbhísí nua Ryanair chuig cinn scríbe lena n-áirítear Napoli, Porto, Béziers agus Learpholl, chomh maith le méadú ar líon na bpaisinéirí chuig roinnt ceann scríbe a bhfuil tóir orthu amhail Málaga, Faro agus Alicante, go háirithe le linn buaicthréimhsí saoire agus laethanta saoire scoile. Buaicphointe eile ba ea seoladh sheirbhís nua Aer Lingus chuig aerfort moil Pháras, Aerfort Charles de Gaulle.
“Is cuid thábhachtach iad seirbhísí trasatlantacha ag Aerfort na Sionainne dár dtairiscint do chustaiméirí agus cuireadh borradh mór fúthu in 2023 nuair a sheol United Airlines seirbhís laethúil nua chuig Chicago. Agus laghdú ar na hamanna feithimh sa scagadh slándála agus saoráidí réamh-imréitigh na SA, is féidir le paisinéirí a bheith ag tnúth le heispéireas níos éasca agus níos taitneamhaí fós in Aerfort na Sionainne.
“Tá feabhas tagtha ar an margadh trasatlantach tríd is tríd ó aimsir Covid, agus chomh maith le Chicago, cuirimid seirbhísí ar fáil chuig Nua-Eabhrac/JFK, chuig Bostún agus chuig Nua-Eabhrach/Newark lenár gcomhpháirtíochtaí aerlíne. Tá an-áthas orainn go gcuirfear tús leis an tseirbhís Delta Nua-Eabhrac/JFK arís i mí Bealtaine 2024. Cuirfidh an tseirbhís shéasúrach laethúil nua le nascacht Aerfort na Sionainne leis na SA, rud a dhéanfaidh freastal ar an éileamh maidir le slite díreacha na SA go dtí agus ó Iarthar na hÉireann.
“Is léiriú é an t-aitheantas a thug RED C d’Aerfort na Sionainne mar bhranda aerfoirt na hÉireann is fearr sa bhliain 2023, dár dtiomantas do shástacht chustaiméirí, atá fós lárnach dár n-oibríochtaí. Lenár mbealaí chuig Aerfort na Sionainne agus uaidh déantar rochtain ar mhargaí easpórtála domhanda a éascú, mealltar Infheistíocht Dhíreach Eachtrach, tacaítear le turasóireacht agus spreagtar gníomhaíocht eacnamaíoch.
“Thosaigh 2024 go sármhaith agus taispeántar le torthaí tráchta paisinéirí an aerfoirt sa chéad ráithe méadú 12% ar fhigiúirí 2023,” arsa an tUasal Considine.
Feidhmíocht Airgeadais Láidir
Bhí feidhmíocht airgeadais láidir ag Grúpa Aerfort na Sionainne in 2023. Tháinig méadú 12 faoin gcéad ar fhigiúir 2022 go dtí €67.9 milliún ar láimhdeachas an Ghrúpa ó oibríochtaí leanúnacha, agus tháinig méadú ar EBITDA don Ghrúpa go dtí díreach os cionn €21 milliún, is méadú 27 faoin gcéad é seo ar 2022. Tá léiriú ar a fheabhas agus a d’éirigh leis an nGrúpa ó thaobh na feidhmíochta oibriúcháin de ó bhrabús an Ghrúpa don bhliain ó oibríochtaí leanúnacha dar luach €28.4 milliún (roimh cháin agus míreanna eisceachtúla).
“Tá ár bhfás láidir ina thoradh ar obair chrua ár bhfoirne díograisí, ar thacaíocht ónár gcustaiméirí agus ónár bpáirtithe leasmhara, ar ár gcomhpháirtíochtaí straitéiseacha agus ar thacaíocht ón rialtas.
“In 2023, d’éirigh le hAerfort na Sionainne maoiniú oibriúcháin agus caipitiúil a fháil nuair a cuireadh san áireamh go sealadach é sa Chlár um Aerfoirt Réigiúnacha, rud a chuir ar ár gcumas tionscadail ríthábhachtacha sábháilteachta agus slándála a chur i gcrích san aerfort le linn na bliana.
“Rinneamar dul chun cinn nach beag anuraidh agus le tacaíocht leanúnach ón Rialtais beimid in ann fiú níos mó a bhaint amach dár réigiún agus don tír ar an iomlán. I ndeireadh na dála, cuirfear tairbhí eacnamaíocha ar fáil d’Éirinn le cuimsiú buan Aerfort na Sionainne sa Chlár um Aerfoirt Réigiúnacha, rud atá i gcomhréir mar atá le mianta an Rialtais féin maidir le forbairt réigiúnach chothrom a chinntiú.
“Clúdaítear i bhfad níos mó ná líonta paisinéirí le tairbhí eacnamaíocha ó ghníomhaíochtaí an Ghrúpa. I dtuarascáil neamhspleách a rinne Oxford Economics agus a foilsíodh in 2023, déantar tionchar dearfach Ghrúpa Aerfort na Sionainne a chainníochtú ar gheilleagar an Mheán-Iarthair agus na hÉireann. Tugtar ról ríthábhachtach an Ghrúpa chun suntais leis maidir le forbairt réigiúnach chothrom agus a rannchuidiú tábhachtach le OTI, cruthú post agus ioncam cánach na hÉireann. Taispeántar leis an tuarascáil go gcuireann Grúpa Aerfort na Sionainne rannchuidiú mór de bheagnach €4 bhilliún (€3.96 billiún) le OTI na hÉireann, go dtacaíonn sé le níos mó ná 20,300 post ar fud lucht saothair na hÉireann, agus go gcuireann sé €643m in ioncam cánach ar fáil,” arsa an tUasal Considine.
An Clár Infheistíochta Caipitiúla
In 2023 lean an Grúpa lena chlár uaillmhianach infheistíochta caipitiúla a chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach trí aonad tionsclaíoch ilfheidhme nua de 60,000 troigh chearnach a chur ar fáil, mar aon le haonad T&F de 40,000 troigh chearnach ag Campas na Sionainne dá chuid. Chuir an Grúpa roinnt tionscadail infreastruchtúir san aerfort i gcrích, orthu seo, bhí obair athshlánaithe ar bhealach innealta aerfoirt.
“Is é mian ár gcroí Campas na Sionainne a fhorbairt mar mhol don teicneolaíocht agus do thionscail aeraspáis, rud a chuirfidh le poist réigiúnacha agus deiseanna eacnamaíocha a chruthú, agus rinneadh go leor oibre le linn na bliana in FMCI ar Champas na Sionainne chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an mian sin,” arsa an tUasal Considine.
Díriú Leanúnach ar Inbhuanaitheacht
Dhírigh Grúpa Aerfort na Sionainne go suntasach ar inbhuanaitheacht a leabú in 2023 nuair a chuir sé roinnt clár ar fáil, ó fholláine fostaithe agus CSR go coigilt fuinnimh, laghdú carbóin agus tionscnaimh athchúrsála.
Mar iarracht an aidhm dá chuid a chur i gcrích chun a chuid oibríochtaí a ghlasú, bhain an Grúpa teastas Creidiúnaithe Carbóin Aerfoirt Leibhéal 2 amach agus rinneamar dul chun cinn suntasach i dtreo laghduithe breise ar ídiú fuinnimh. Is léiriú iad tionscnaimh amhail comhpháirtíocht le BSL chun soilsiú LED a chur i bhfeidhm agus luchtphointí d’fheithiclí leictreacha a rolladh amach dár dtiomantas i leith inbhuanaitheacht comhshaoil agus freagracht chorparáideach.
Ag Féachaint Ar Aghaidh
Agus é ag labhairt faoin todhchaí, dúirt an tUasal Considine: “Agus muid ag breathnú ar aghaidh ar bhliain dhearfach eile in 2024, tá dóchas orainn go fóill faoi na deiseanna atá amach romhainn, agus ár n-aerfort agus ár ngníomhaíochtaí réadmhaoine tráchtála ag leanúint le timpeallacht a chruthú a chuireann borradh faoin bhfás eacnamaíoch agus a chabhraíonn leis an réigiún dul chun cinn a dhéanamh.
“Táimid fós diongbháilte maidir lenár dtiomantas do thús áite a thabhairt do shástacht chustaiméirí, prionsabal atá ina threoir dúinn maidir lenár n-oibríochtaí aerfoirt agus iarrachtaí ár réadmhaoine tráchtála araon, agus chun a chinntiú go mbeidh Aerfort na Sionainne fós ina aerfort is fearr le hÉirinn maidir le nascacht agus maidir le gnó.”