Fás Láidir Paisinéirí, Mórinfheistíocht Chaipitil agus Spriocanna Gníomhaithe ar son na hAeráide á mBaint Amach ag Grúpa Aerfort na Sionainne agus Tuarascáil Bhliantúil 2025 á Foilsiú
Fás Láidir Paisinéirí, Mórinfheistíocht Chaipitil agus Spriocanna Gníomhaithe ar son na hAeráide á mBaint Amach ag Grúpa Aerfort na Sionainne agus Tuarascáil Bhliantúil 2025 á Foilsiú
Áirítear leis na buaicphointí:
• Tháinig méadú 9% go 2.3 milliún ar líon na bpaisinéirí ag Aerfort na Sionainne sa bhliain 2025
• 40 bealach ag eitilt ó Aerfort na Sionainne sa bhliain 2026, lena n-áirítear cúig bhealach nua
• Clár infheistíochta €40 milliún faoi bhealach sa bhliain 2026
• Sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 2030 bainte amach cúig bliana roimh ré
Déardaoin an 23 Aibreán 2026: D’fhoilsigh Grúpa Aerfort na Sionainne a Thuarascáil Bhliantúil 2025 inniu, bliain inar tháinig fás láidir ar líon na bpaisinéirí aerfoirt, ina raibh feidhmíocht airgeadais láidir, agus ina ndearnadh infheistíocht shuntasach ar fud Aerfort na Sionainne agus Páirc Ghnó Aerfort na Sionainne agus a sprioc éifeachtúlachta fuinnimh á baint amach.
Ag trácht dó ar na torthaí, dúirt Ray O’Driscoll, POF Eatramhach Ghrúpa Aerfort na Sionainne: “Ba bhliain dhearfach í an bhliain 2025 don Ghrúpa. Bhaineamar fás láidir paisinéirí amach, neartaíomar nascacht idirnáisiúnta agus leanamar le hinfheistíocht inár dtionscnaimh bhonneagair agus inbhuanaitheachta.
Táimid spreagtha ag ár bhfeidhmíocht airgeadais, agus lenár mbonn sócmhainní atá ag fás, tá bonn airgeadais láidir againn chun an chéad chéim eile dár straitéis forbartha a sheoladh. Léirítear leis na torthaí sin tacaíocht leanúnach ár bpáirtithe leasmhara, ár gcomhpháirtithe agus ár gcustaiméirí, agus tiomantas eisceachtúil ár bhfoirne.”
An Fás Paisinéirí Aerfoirt Ba Mhó Riamh
Sháraigh líon na bpaisinéirí 2.3 milliún sa bhliain 2025, méadú 9% bliain ar bhliain agus 34% os cionn leibhéil réamh-phaindéime 2019, rud a fhágann gurbh í an bhliain 2025 an bhliain is fearr ag Aerfort na Sionainne le 16 bliana anuas agus an cúigiú bliain fáis as a chéile.
Bhí fás láidir ar sheirbhísí Eorpacha sa bhliain 2025, méadú 13%. Tháinig méadú 8% ar aerthrácht na Ríochta Aontaithe, agus shroich líon na bpaisinéirí ag Heathrow an leibhéal is airde le 18 mbliana anuas sa bhliain 2025. Neartaíodh muinín na n-aerlínte tuilleadh, agus tá sé i gceist go leathnófar an líonra bealaí go 40 bealach sa bhliain 2026, an líonra is mó in os cionn 17 mbliana. Áirítear leis sin cúig sheirbhís Eorpacha nua go dtí an Róimh, Vársá, Maidrid, Poznań agus Frankfurt. Tá ról lárnach ag cúig bhealach thrasatlantacha an aerfoirt go Nua-Eabhrac, Newark, Bostún agus Chicago fós i dtairiscint Aerfort na Sionainne.
Le linn na bliana 2025, lean an Grúpa le haitheantas tionscail a fháil, agus ainmníodh Aerfort na Sionainne mar Bhranda Aerfoirt na hÉireann sa 1ú áit don tríú bliain as a chéile agus fuair an Grúpa aitheantas gradaim náisiúnta as oibríochtaí aerfoirt agus barr feabhais inbhuanaitheachta.
Feidhmíocht Airgeadais Láidir
Thuairiscigh an Grúpa feidhmíocht airgeadais láidir sa bhliain 2025. Tháinig méadú 7% ar an láimhdeachas i gcomparáid le 2024 go dtí €78.4 milliún, agus thuairiscigh an Grúpa TRÚCDA (Tuilleamh Roimh Ús, Cánacha, Dímheas agus Amúchadh) de €19.3 milliún, méadú 6% i gcomparáid le 2024. Ba é €30.5 milliún (roimh cháin) brabús an Ghrúpa don bhliain, rud a bhí mar bhonn faoi bhonn sócmhainní láidir de €334 milliún agus a d’éascaigh an chéad chéim eile den fhorbairt straitéiseach.
Bliain d’Infheistíocht agus de Sheachadadh Láidir
D’infheistigh an Grúpa os cionn €20 milliún sa bhliain 2025, rud a fhágann gurb é beagnach €200 milliún an infheistíocht iomlán le deich mbliana anuas, agus tá €40 milliún eile beartaithe maidir le tionscadail ar fud an Ghrúpa sa bhliain 2026. I measc na bhforbairtí atá beartaithe tá uasghráduithe fairsinge ar limistéar inimirce agus halla bagáiste an aerfoirt, feabhsuithe ar bhonneagar an bhealaigh innealta, agus athchóiriú teirmeach atá tíosach ar fhuinneamh ar thaobh amuigh an chríochfoirt.
“Le chéile, tacóidh na hinfheistíochtaí sin le hoibríochtaí aerfoirt níos rianúla agus níos athléimní agus compord, éifeachtúlacht agus na chéad imprisin do phaisinéirí a shroicheann an t-aerfort á bhfeabhsú,” a dúirt an tUasal O’Driscoll.
Bhí Páirc Ghnó Aerfort na Sionainne, ina bhfuil breis agus 300 cuideachta agus 10,000 fostaí lonnaithe, ag feidhmiú go láidir fós, ag druidim le lán-áitíocht, agus ag mealladh tionóntaí ardluacha, dírithe ar nuálaíocht. I mí na Samhna 2025, cuireadh tús le tógáil ar fhorbairt maoine tráchtála dar luach €13 mhilliún, rud a neartaigh tiomantas an Ghrúpa d’fhás inbhuanaithe agus do chruthú post. Leis an tionscadal, soláthrófar dhá aonad tionsclaíocha den scoth, Bloic Y agus Z, rud a chuirfidh thart ar 100,000 troigh chearnach de spás solúbtha, inbhuanaithe ar fáil a bheidh ar fáil lena ligean ar cíos ag ceann de na suíomhanna gnó is fearr in Éirinn.
Sprioc Éifeachtúlachta Fuinnimh Bainte Amach 5 Bliana Roimh Ré
Bhí inbhuanaitheacht lárnach i gcónaí i straitéis an Ghrúpa agus baineadh amach garspriocanna móra sa bhliain 2025: Bhain an Grúpa a sprioc éifeachtúlachta fuinnimh don bhliain 2030 amach cúig bliana roimh ré (laghdú 57% ar ídiú fuinnimh ón mbliain 2009); laghdaigh sé a astaíochtaí raon feidhme 1 agus 2 faoi 54% ón mbliain 2018; bhain sé Creidiúnú Carbóin Aerfoirt Leibhéal 3 amach; agus sheol sé an chéad fheirm ghrianfhuinnimh fhótavoltaigh aerpháirc-bhunaithe in Éirinn, atá ábalta suas le 20% de riachtanais leictreachais aerfoirt a sholáthar.
Agus é ag féachaint ar an am atá le teacht, dúirt an tUasal O’Driscoll: “Táimid breá ábalta luach fadtéarmach a sholáthar don réigiún agus don tír.”
Leanfaimid lenár líonra bealaí a leathnú, rud a fheabhsóidh an nascacht agus a sholáthróidh eispéireas dearfach do gach paisinéir. Tacóidh ár bpunann réadmhaoine le hinfheistíocht ilnáisiúnta agus le fiontair dhúchasacha araon, rud a chuirfidh fás eacnamaíoch chun cinn ar fud an réigiúin. Cé go bhfuil éiginnteacht dhomhanda fós ina toisc shuntasach, dírímid go daingean ar fhás fadtéarmach, ar fhorbairt réigiúnach, ar ár spriocanna inbhuanaitheachta a chur chun cinn agus ar bheart a dhéanamh de réir ár mbriathair do na pobail a bhfreastalaímid orthu.”
Tá Tuarascáil Bhliantúil Ghrúpa Aerfort na Sionainne 2025 le fáil ANSEO